17/05/2026
Minister Patrick O’Donovan will host the National Famine Commemoration at the Irish Workhouse Centre in Portumna, Co. Galway today. Taoiseach Micheál Martin will officiate at the event and deliver the keynote address. This is the first time the State Commemoration has taken place in Galway. It will be broadcast live on the RTÉ News channel and will be available for replay on the RTÉ Player and on irishfamine.ie at a later date.
Taoiseach Micheál Martin said:
“The National Famine Commemoration provides an important opportunity to reflect on one of the most profound and defining periods in our history. While the Famine represents immense loss and suffering, it also reminds us of the resilience of ordinary people and the enduring strength of community in times of hardship.”
Minister O’Donovan said at the event:
“It is an honour to host the 2026 National Famine Commemoration in the Irish Workhouse Centre, Portumna, to remember all those who suffered due to the Great Irish Famine. I thank all those who attended this dignified and solemn event and acknowledge all those who made this event possible.”
For full details see: https://www.gov.ie/en/department-of-culture-communications-and-sport/press-releases/minister-patrick-odonovan-hosts-the-national-famine-commemoration-at-the-irish-workhouse-centre-in-portumna-co-galway/
____
Déanfaidh an tAire Patrick O’Donovan Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a óstáil inniu in Ionad Theach na mBocht i bPort Omna, Co. na Gaillimhe. Is é an Taoiseach Micheál Martin TD a bheidh ina fhear an tí don ócáid, agus a thabharfaidh an eochairaitheasc. Is í seo an chéad uair a reáchtáladh an Cuimhneachán Stáit i nGaillimh. Craolfar an t-imeacht beo ar chainéal Nuacht RTÉ, agus beidh sé ar fáil ar Sheinnteoir RTÉ agus ar irishfamine.ie níos déanaí freisin.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an méid seo a leanas:
“Is deis thábhachtach é Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir chun machnamh a dhéanamh ar cheann de na tréimhsí is suntasaí agus is sonraí inár stair.
“Ainneoin go samhlaítear caillteanas agus fulaingt ollmhór leis an nGorta Mór, meabhraítear dúinn freisin teacht aniar an ghnáthphobail agus láidreacht leanúnach an phobail i bhfianaise chruatan an tsaoil.”
Dúirt an tAire O’Donovan ag an imeacht:
“Is mór an onóir dom é Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2026 a reáchtáil in Ionad Theach na mBocht, Port Omna, chun cuimhneamh ar na daoine ar fad a d’fhulaing mar gheall ar an nGorta Mór in Éirinn. Is mian liom buíochas a ghabháil leis na daoine ar fad a d’fhreastail ar an imeacht maorga sollúnta seo agus aitheantas a thabhairt freisin do na daoine ar fad a chabhraigh le heagrú an imeachta seo.”
Sonraí anseo: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-cult%C3%BAir-cumars%C3%A1ide-agus-sp%C3%B3irt/preaseisiuinti/cuimhneach%C3%A1n-n%C3%A1isi%C3%BAnta-an-ghorta-mh%C3%B3ir-%C3%A1-%C3%B3st%C3%A1il-ag-an-aire-patrick-odonovan-in-ionad-theach-na-mbocht-in-%C3%A9irinn-i-bport-omna-co-na-gaillimhe/