21/09/2026
Tá pianó nua poiblí nochtaithe ag Iarnród Éireann - Irish Rail i Stáisiún Cheannt, Gaillimh mar chuid d’imeachtaí an deireadh seachtaine seo chun Culture Night 2026 a cheiliúradh.
Bhronn Pat Callan an pianó go fial flaithiúil mar chomóradh ar a bhean chéile, Treasa, nach maireann, chun a grá don cheol a roinnt le cuairteoirí agus le pobal na Gaillimhe go ceann i bhfad.
Athchóiríodh an pianó ag an tiúnóir pianó agus coimeádaí pianónna poiblí, John Murphy Murphy Piano Tuning and Repair , agus phéinteáil an maisitheoir agus dearthóir grafach, Rachelle O'Regan Artist, é. Tá an dearadh spreagtha ag seanscéal na Gaillimhe. Léirítear san ealaín Iníon Bhreasail, a deirtear gur báthadh í san abhainn a ainmníodh in ómós di, agus sa dearadh cuirtear miotaseolaíocht, tírdhreach agus dúchas na Gaillimhe le chéile.
Seinneadh an pianó den chéad uair go hoifigiúil inniu, agus na ceoltóirí Emer O'Flaherty Music agus Philip Fogarty i mbun ceoil sa stáisiún, mar aon le Peter Brogan, deartháir Threasa, agus Denis Green, a col ceathrair, in ómós di.